An fear a ceannuigh é, níor chait sé ariamh é agus an fear a chait é ní fheaca sé ariamh e. Freagra Cónra Tá teach beag agam agus ní comhnaidheac luch ann agus ní cóireac an méid atá i nGaillimh an oiread fuinneóga atá ann. Freagra Méaracán. Bó beg ina seasamh leis an claidhe iteac sí gach a baghadh sí agus ní oladh sí aon uisce. Freagra Teine Ta sí ort agus ní ulach ort é agus muna a bhfuil sí ort ní bheadh aithne ag aon duine ort. Freagra Do ainm.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí ceithre coirnéal i seómra. Bhí cat i ngach coirnéal, agus trí cat ar aghaidh gach cat, agus bhí cat 'na shuidhe ar earbaill gach cat. Cé mhéid cat a bhí ann. Freagra Ceithre cinn. Chuaidh me amach san ngarrdha Bhí ubhlaí ar an gcrann. Níor bhain me ubhlaí agus níor fhág mé ubhlaí ar an gcrann. Freagra, Ní raibh ann acht dhá ubhla
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »