School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Caint agus Seanchas i dtaobh na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Cainnt agus Seancus í dtaoibhna h-aimsire lá bog é, seadh muis. Tá sé ag báisteach mar bheadh sé as béal soithigh. Tá cuma báisteach air. Tá droch uair air. Meas tú an gcrochfaidh sé. Tá sé ag sioch. Rinne sé sioch aréir. Tá sé ag cir seacha. Tá sioch mór amuigh. Tá sé ag séideadh seacha. Tá an báisteach ag teacht anuas in a sruthanna. Lá bog a bhí againn indé. Sílim go mbeidh an oidhche fluich. Is togha lá é buidheacas le Dia. Lá breágh gréine seadh é. Tá an lá cosamhail le lá Samhradh. Ta an grian ag spalpadh anuas. Meas tú an seasfaidh sé. Lá breágh seadh é. Sé seo an lá is fearr a bhí againn le coighcíse. Lá breágh brothallach a bhí indé. Tá an lá ag eirigh breágh anois? Tá agus is maith an rud é sin. Nuair atá an grian ag dul faoi má bhíonn dath buidhe-dearg ar an spéir bíonn báisteach air an aimsear. Nuair atá dath trom dearg ar na nealta sin cosamhlacht baisteach. Nuair a bhíonn dath liath buidhe ar an spéir um tráthnóna sin comhartha gaoithe. Nuair atá dath glas ar an

(continues on next page)
Collector
Áine Ní Chraith
Gender
female
Address
Cregmore, Co. Galway
Informant
Pádhraigh Ó Comáin
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish