Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- Baunmore, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)búaileann siad an líathróid leis an cumán. Déanann siad bláthanna as páipéar freisin.
Seo é an chaoi a ndéanann na buachaillí topa. Geibheann siad spológ agus gearrann said é ar thaobh amhain. Annsin cuireann siad cipín tríd agus is féidir leo é a chur ag imtheacht. Beireann na búachaillí ar coininí le innill. Beireann siad ar éan le cliabháin agus marbhuigheann siad iad. Deanann siad gunnaí uisge as crann truim agus bíonn siad ag caitheamh uisge leo. Déanann siad bosca chun breith ar lon-dubh. Cuireann siad an bhosca i na sheasamh agus cipín faoi. Teanglann siad píosa téad don cipín agus beireann air agus téigheann siad i bhfolach. Nuair a theigheann lun isteach faoi an bhosca tairnigheann siad an téid agus tagann an bhosca anuas ar an lon agus bíonn se gufuighthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairtín Ó Dúbhagain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baunmore, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Maitias Ó Dúbhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Baunmore, Co. Galway