School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín

Filter stories

Back
/ 145 Forward
Resolution: Low | High
Daoine Cáiliúla

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Rinne an Gobán Saor an cuid is mó d'e caisleáin na hÉireann. Rinne sé an caisleán i mBaile Chláir. D'fágh sé comhartha ina ndiaidh cat agus naoi rubaill. Cuireadh fios air go Londan le caisleán a dhéanamh ann nach mbeadh a leitheadh ann. Nuair a bheadh sé criochnuighthe aige cuirfeadh siad cun bhais é,. sul a dhéanfadh sé caisleán eile san Dómhain mar é. Nuair a chuala sé é sin, dubhairt sé le'n na mháighistir gur theastuigh uaidh dúl abhaile le h-aghaidh úirlísí a bhí sa mbaile fhágail. Ní leigfeadh siad abhaile é acht go gcuirfeadh sé fear abhaile in a áit. Dhubairt Gobán go raibh sé sásta acht go gcuirfead sé litir abhaile chuig a bhean. Thug an fear an litir abhaile chuig an bean, 'Sé an rud a bhí san litir go raibh na h-uirlísi shíos i tóin bósca mór a bhí san teach. Nuair a bhéadh sé ag fághail na h-uirlisi e a chaiteamh san mbósca agus an glas a cuir air. Sé mac an Ríogh a thainigh i gcoinbig na h-uirlísí. Cuir sí freagra go Londan chuigh an Rí nach leigfeadh sí araís arís é go leigfeadh sé Gobán abhaile. Leig sé an Gobán abhaile agus níor críocnuigh sé an caisléan cor ar bít.

(continues on next page)
Collector
Pádhraig Ó Standúin
Gender
male
Address
Gortadooey, Co. Galway
Informant
Tómas Ó Standúin
Gender
male
Age
56
Address
Gortadooey, Co. Galway
Language
Irish