School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín

Filter stories

Back
/ 145 Forward
Resolution: Low | High
Daoine Cáiliúla

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ní morán daoine caileamhla a bhí sa gceantar seo cor ar bith de réir seanchus na daoine. Bhí muinntir Cuileanáin un a cómhnuighe in Lochaill, Bauile Cláir, Co an Gaillimhe, daoine muinntreach do mo athair Mícheal Mag Ghloinn, Gortadubha Baile Cláir na Gaillimhe a b'eadh íad. Bhí duine acú an láidir ar fad Séan Mór a tugtaí air. Deirtear gur iomchur sé naoi céad meadhchan isteach go Gaillimh gan aon stad nhá sgíth a leigint ar an mbralach. Ba é an fear ba láidre dár cómhnuigh sa gceanntar aríamh.
Bhí fear ina chómhnuidhe i Leacht Seóirse, Baile Cláir Co an Gaillimhe dár a b'ainm Uaitéar Ó Fathaigh Bhí se ina phileár agus ba é an fear reatha a b'fearr a cómhnuigh thart timcheall na háite seo ariamh. Lá amháin chúaidh sé ag suibhal isteach go Gaillimh agus bhí sé in nGaillimh i ndeach nóiméad. Bhí fear ina cómhnuigh i gClonboo, Currandulla, Co an Gaillimhe dár

(continues on next page)
Collector
Bríghid Ní Ghloinn
Gender
female
Address
Gortadooey, Co. Galway
Informant
Mícheal Mag Ghloinn
Gender
male
Age
48
Address
Gortadooey, Co. Galway
Language
Irish