School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín

Filter stories

Back
/ 145 Forward
Resolution: Low | High
Mo Cheantar Féin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sé an t-ainm atá ar mo cheanntar ná Baile Cláir na Gaillimhe. Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar tá an talamh ata ann cosamhail le clár.

Teigheann abha an Cláir trid an talamh seo. Eirigheann an abha seo i nGleann na Madraí agus teigheann sí i sáile í Loc Coirib. Tá droichead breagh toighte aran abhainn seo í mBaile Cláir na Gaillimhe.
Tá go leor staire ag baint le mo cheanntar féin. Ar an taobh thiar de abha an Chláir tá Mainistear Baile Cláir agus Caisleán Baile Chláir.
Níl acht fothracha na Máinistreach le feiceál anois acht in a diaidh sin is feidir a rádh go raibh a chéird ag an duine a thóg é.
Tá Cnoc Tuagha in mo cheanntar-sa freisin. Troideadh cáth millteach annseo sa mblian 1504. Ag an gcáth seo bhí fear ionad an riogh, An Ghearaltach ag troid in aghaidh an Bhurcaigh. San am cheadhna bhí paistí an Ghearaltaigh i bpriosún i Caisleán Baile Cláir. Fuair an Ghearaltach an buaidh san gcáth agus tar eis an chátha thainig sé go Caisleán Baile Chláir agus leig sé saor a pháistí.
Tá fothracha sean-teach ar Cnoc Tuagha. Duine de

(continues on next page)
Collector
Micheál de Faoite
Gender
male
Address
Waterdale, Co. Galway
Informant
Tomás Ó Coileáin
Gender
male
Age
50
Address
Waterdale, Co. Galway
Language
Irish
Location
Claregalway