School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 025
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúbhairt sé leis an fear. Cá bhfuil tú ag dul. Dúbhairt an fear go raibh sé ag imeacht as an tír ar faddúbhairt sé gur iarr an Rí air imar agus éisg a chur ar bárr an tíghe dó agus níl mise indonn rud mar sin a dhéanamh. Gabh abhaie agus bíodh ag teach an Ríogh ar maidin go moch. Rinne sé mar a dúbhairt an firín beag leis. Núair shroich sé teach an Ríogh, bhí an imar ar bárr an tíghe agus bhí go leor íasc ins an umar. Cúaidh sé isteach chuig an Rí agus bhí an Rí ag búideach dó. Chuaidh an fear abhailem agus tháinic an bean chuig an Rí arist. Dúbhairt an rí léithí go mbeadh féasta mór aca, acht tá fear atá indonn spóirt a dhéanamh ag teastáilt.
Má tá fear ag teastáilt cun spóirt a dhéanamh "sé seáinín an duine." Chuir sé fios ar seáinín agus dúbhairt sé, caithfidh tú spóirt a dhéanamh dúinn lá an féasta. Níl mé indonn spóirt a dhéanamh cor ar bith. Crochfaidh mé thú muna ndéantha tú spóirt dúinn. Chuaidh sé abhaile agus fúair sé an caca beag, agus d'imthigh sé leis agus casadh an firín céadhna air aris.
Dúbhairt sé leis gabh abhaile agus gabh suas ar bhárr an t-simléara agus núair atá siad imthighthe amach ag bailuí na gabhair, caith go leór salainn sa leithe, agus caith gach braon(continues on next page)- Collector
- Peigh Ní Chrábháin
- Gender
- Female
- Address
- Tomnahulla, Co. Galway