School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín

Filter stories

Back
/ 145 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Grinn

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta. An bhean a phós sé bhí sí tar éis teacht ó Ameriocá agus ní raibhaithne ar bith aige uirthi. Theigeadh an bhean ar an gcéad Aifrinn gach domhnach agus an fear ar an dara Aifrinn. Bhíodh trioblóid eicínt ar chroidhe an fhir gach domhnach. Bhíodh an dinnéar réidh gach domhnach nuair a thagadh sé abhaile, ach mar sin féin bhíodh an trioblóid ar a chroidhe gach domhnach. Dubhairt an fear leis féin go bhfanfadh sé i bhfolach amuigh san sgioból an domhnach ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an domhnach chuir sé a éadaigh nua air agus d'imigh sé amach agus bhí an bean cinnte go raibh sé ag dul un an dara Aifrinn. D'fhan sé go ciún amuigh san sgioból agus é ag éisteacht. Fó dheireadh chuala sé an cainnt istigh san teach. Bhí an bhéan pósta cheana ach ní raibh fhios ag an bhfear seo é ar chor ar bith. Shiubhal sé isteach as an sgioból go ciún agus bhí an fear eile ag ithe a dhinnéar istigh

(continues on next page)
Collector
Liam Ó Murchadha
Gender
male
Address
Liscananaun, Co. Galway
Informant
Seán Ó Choilleáin
Gender
male
Age
73
Address
Liscananaun, Co. Galway
Language
Irish