School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
Baunmore, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Mainnín

Filter stories

Back
/ 145 Forward
Resolution: Low | High
An Bán Mór | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

an dhá oidhche atá againn adeir “ Séan an Lampa “ “ Oidhche Shamhnaí ” agus “ Oidhche Bealtaine “.
Táinig an fear abhaile agus chuaidh sé ar a leabadh agus tá sé ann ó shoin.

Sgéal faoi Oidhche Shamhna.

Bhí lánamhain óg pósta agus ní raibh aca acht aon mhac amhain. Nuair a mheaduigh sé súas in a bhuachaill óg ní choinbheóchadh rud ar bith istigh san oidhche é acht ag imirt cártaí. Bhiodh a mhathair i gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe ag troid leis. Oidhche Shamhna a bhí ann annsin agus dubhairt a mhathair leis gan a dhul amach. "Ní bheidh mé amuigh deireannach. Rachaidh mé amach ar aon nós ar feadh sgathaimh bhig de'n oidhche." D'imthigh leis. Chuaidh sé amach. Nuair a bhí sé ag tigheacht abhaile bhí cúgan treasna na gcuirt agus chuaidh se thar claidhe. Bhí an Púca ar an taobh eile

(continues on next page)
Collector
Micheál de Faoite
Gender
male
Address
Waterdale, Co. Galway
Informant
Seán De Burca
Gender
male
Age
80
Address
Aucloggeen, Co. Galway
Language
Irish