School: Leath-bhaile

Location:
Levally, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leath-bhaile
  2. XML Page 277
  3. XML “Bliain an Drochshaoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cainnt a chualas ó m'athair Padraic Breathnach
    aois - trí sgór go leith bliadhain.

    Bhí níos mo daoine in a gcomhnuidhe ar an mbaile seo ná tá anois, agus bhí ceithre sgór teach in mo bhaile. Lof na sgoilteóga agus níor fhás acht corr-ghas an bhliadhain sin. "Protastúnaigh" agus "Tolers" a chuir na daoine sa bhliadhain ocht gcéad déág is dhá sgór is seacht. Bhain siad na gas a d'fhás. Ch'uile teach cuirfeadh siad acra fataí agus níor fhás, acht ceathrú de ch'uile acra. Fad is bhíos siad ag fás lof siad. Stirapouta min-bhuidhe agus arán coirce bhíodh siad ag ithe in ionad fataí bliadhain an droch-shaoghail. Cuireadh siad ceithre sgailteóga treasna an iomaire troighthe ó chéile.
    Bhí siad ag fághail min-bhuidhe ó'n Workhouse i dTuaim. Níor íoc siad ortha, bíodh siad ag fághail in a dheirce.
    Fuair siad an síol dara bliadhain ó Scotland. Nuair a bhí siad ag treabadh an dara bliadhain bhíodh clebhín aca ag piocú na bhfataí beaga le h-aghaidh síol.
    Cailleadh scór thart anseo leis an ocras, acht níor chaill duine ar bith leis an bhfiabhras, acht cúpla in aice le Tuaim. Ní raibh biadh gann ó shoin. Ní raibh Champínní aca an t-am sin chor ar bith acht ceithre bliadhna in a dhiaidh sin tugadh ó Scotland iad, acht bhí ortha íoc ortha an t-am sin. Chuaidh daoine isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Claddagh East, Co. Galway
    Informant
    Padraic Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Claddagh East, Co. Galway