School: Leath-bhaile

Location:
Levally, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leath-bhaile
  2. XML Page 245
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn oidhche Shamhna againn an t-aonmhadh lá déag is fiche de dheireadh foghmhair. Bíonn spóirt ag an aos óg an oidhchesin ag imirt cleasanna. Seo cleas a imrightear. Líontar báisín le uisge agus cuirtear ubhall síos ann. Deanann gach páiste iarracht breith air le n-a bhéal gan lámh a leagan air. Má eirigheann le aoinne sin a dheanamh bíonn an t-ubhall aige dhó féin mar duais. Seo mar a imrightear cleas eile, fágtar trí fó-chupáin ar an mbord agus cuirtear uisge glan i gceann acu, uisge salach i gceann eile agus fágtar an ceann eile falamh. Cuirtear dallamullóg ar dhuine ansin agus iarrtar air a lámh a chur i gceann de na fó-chupáin. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge glan beidh céile maith aige. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge salach gheobhfaidh sé droch-chéile, agus má’s sa gceann a bhfuil falamh ní pósfar é ar chor ar bith i rith na bliadna. Bhí na cleasa seo ag na sean-daoine nuair a bhíodar óg. Dheanfadh gach clann cathal oidhche Shamhna, sé sin dheanfadh siad fataí a phíleáil agus a mbruith agus iad a mbrughadh le bata. D’íosfadh siad na fataí bruighte le im agus bainne. An t-é nach mbeadh im ná bainne aige thuibhradh an t-é a mbeadh im agus bainne aige chuid dhe do’n duine a mbeadh falamh. Ní íosfadh siad aon scitheóirí ó oidhche Shamhna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Domhall Pléamonn
    Gender
    Male
    Address
    Cortoon, Co. Galway
    Informant
    Domhnall Pléamonn
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    80