School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Máire Úna Ní Chonfhaola

Filter stories

Back
/ 238 Forward
Resolution: Low | High
Árd Aoibhinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

gréasuidhe leipreachán. Bíonn sé na chomnuige ar taobh an cnuic. Deireann na sean-daoine go gcaiteann sé cota déanta as croiceann. Bíonn sé i gcomnuidhe ag déanamh bróg le h-agaidh na sideóg. Rug fear air oidche amháin agus bhí sé ag déanamh bróg. D'iarr sé air croca óir a thabhairt dó. Tricadóir seadh an leipreachán agus arsa sé leis an fear "tabhair dhom an casúr sin" agus nuair thóg sé an casúr in a láimh thug sé é don leipreachán bhí an leipreachán imtigthe nuair d'féach sé. Lá eile rug bean air, agus d'iarr sí air croca óir a thabhairt di. "Féach ar an teach trí theine" arsa an leipreachán leí. D'féach sí agus ní raibh an teach trí theine chor ar bith, agus nuair d'féach sí arís bhí an leipreachán imtigthe. I croca a bhíonn an t-ór aige. Ba mhaith liom an leipreachán a fheiceál mar ní déanfadh sé aon dochar dom. Chonnaic bean a bhí in a comnuithe in mo comursanacht an leipreachán uair amháin.

(continues on next page)
Informant
Cáit Ní Thiomaltaigh
Gender
female
Age
50
Occupation
bean feirmeora
Address
Stonetown, Co. Galway
Language
Irish