School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 156
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 156
- XML “Aiste - Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Déanann táibliúr culaith éadaigh agus déanann gúnadóir éadaigh le h-aghaidh cailíní nó le h-aghaidh na mban. Bíonn gléas fúaghála, siosúr snáithe agus snáithid ag an dtáilliúr. Tá táilliúr inaice na h-áite, Seán Ó Coileán an t-ainm atá air. Fear uasal dob eadh é. Tá sé in a chómhnuidhe i gCluain Lára.Ins an t-sean aimsir nuair a bhí culaith éadaigh le déanamh, ag aon duine inaice na háite, chuireadh siad fios ar an dtáilliúr chun an culaith éadaigh a dhéanamh. Do thagadh sé agus déanadh sé an culaith, agus é ag suidhe ar an dtábla. Ní raibh gléas fúaghála ag aon dtailliúr ins an t-sean aimsir.Do fighe na daoine an snáith agus dathuighthe siad é. Do chuireadh siad an snáithe tíos i bpota chun é a dhéanamh go deas. Bhí fear inaice mo thige agus Seán Ó Mí an t-ainm a bhí air. Nuair a bhí an t-snáithe dathuighthe chuir an fear sin an snáith go dtí monarclann chun dath eile a chuir tríd agus é a dhéanamh go bog. Bhí mo shean athair ag innsint sgéil dom cois na teineadh aréir. Bhí lín le sníomh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Sheóighigh
- Gender
- Female
- Address
- Cultiafadda, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coileán
- Gender
- Female
- Address
- Cultiafadda, Co. Galway