School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 130
  3. XML “Aiste - An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an Droch-Shaoghal ann tuairim is céad bhliadhain ó shoin. Le linn na h-aimsire sin bhí na daoine i gcruadh-chás, mar bhí siad ag fághail bháis leis an ocras agus leis an anró. Ní raibh aon bhiadh aca le n-ithe acht fataí chun iad féin a choinneál beó, agus nuair do mheath na fataí bhí siad ag fághail bháis 'na sluaightibh.
    Dubhairt mo shean-athair go raibh corpanna caithte i ngach áit.
    Ar an bpoinnte boise nuair do bhí galar ann tháinig gorta. Bhíodh siad ag fághail bháis istigh ins na tighthe, ins na portaigh, cois claidhe, ar na sráideanna, i bpáirceanna, agus i dtighthe na mbocht.
    Do cailleadh go dtí dhá mhilliún duine an t-am sin le gorta agus le galar.
    Nuair do mheath na fataí bhí na barraí eile ar fheabhas, acht b'éigean do'n na barraí do dhíol chun an chíos a d'íoc. Cuireadh na daoine san am sin i bpollanna ins na portaigh, i gcárnáin, i lochanna, agus nuair do bhí an droch-shaoghal thart tháinig daoine agus chuir siad na daoine a bhí curtha mar sin i roilig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnalláin
    Gender
    Female
    Address
    Loughpark, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Mhí
    Gender
    Male
    Address
    Loughpark, Co. Galway