School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 110
  3. XML “Laethanta fé Leith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Más fíor do na sean daoine tá a lán laetheannta san mbliadhain agus ní ceart rudaí fé leith a dhéanamh ins na laetheannta sin. Mar deireann siad nach bhfuil sé ceart d'aon duine a bheith pósadh Dé hAoine, ac níl san cainnt sin ach ráfla.

    Tá a lán pisróig ag baint leis an gcead Luain in Eanair. Deirtear an rud a dhéanann tí an lá sin beidh an t-adh ort chun é a dhéanamh ar feadh na bliadhna go léir.
    Má itheann tú do dhothain an lá sin, beidh do dhóthain agat ar feadh na bliadhna in a dhiaidh sin. Má bhíonn tinneas ort an lá sin, beidh sé ort ar feadh na bhliadhna in a dhiaidh sin. Ní cuireann na sean daoine aon airgead amach an lá sin, ach bíonn áthas an domhain orra nuair a gheibheann siad airgead an lá sin, mar deireann siad go mbeadh an t-ádh ortha chun é fhághail ar feadh na bliadhna in a dhiaidh sin.

    Tá tobar beannuighthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhubhghaill
    Gender
    Female
    Address
    Curraghmulmurry, Co. Galway
    Informant
    Lúcás Ó Dubhghaill
    Gender
    Male
    Address
    Curraghmulmurry, Co. Galway