School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 087
  3. XML “Leighiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine, téigheann sé amach nuair a bhíonn sé ag cur fearthainne agus an ghrian ag taithneamh go láidir. Deirtear go mbeadh biseach air nó uirthi i gceann cúpla uaire nó mar sin.
    Nuair a bhíonn triuch ar dhuine, cuirtear é nó í faoi bholg asail, mar deirtear go dtagann biseach ar an nduine sin taréis é sin a dhéanamh.
    Nuair a bhíonn slaghdán ar dhuine deirtear go mbeadh sé nó sí go sláinteamhail arís nuair a bhéarfaidhe ubh lachan dó ar trí maidne taréis a chéile bhí fear ann fadó a bhí indon gach galar a leighisiú. Dubhradh go raibh cumhacht ó'n dhiabhal aige acht ní féidir sin a chruthú anois. Nuair a raghadh sé go dtí teach an duine thinn, dheireadh sé go garbh; "Rithigidh amach ar feadh nóiméid". le na daoine a bhíodh istigh ins an dteach.
    Nuair a thagadh siad isteach taréis nóiméid nó mar sin, bhíodh biseach ar an nduine tinn. Bhíodh ar na daoine sin cúig púnt a thabhairt dó annsin. Pádraig Ó Diolún an t-ainm a bhí air. Nuair a fuair sé bás i nDún Mór bhí trí míle púnt aige faoi'n leabaidh in a sheómra.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Gearóid De Grás
    Gender
    Male
    Address
    Glennamaddy, Co. Galway
    Informant
    Séamus Mac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Glennamaddy, Co. Galway