School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 060

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 060

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 060
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí mo shean-athair ag innseacht dom faoi a lán pisreóg. Bhí fear ann aon uair amháin dárbh ainm Micheál De Grás. Bhí sé as Tobar Ruadh, agus bhí sé posaidhthe do mnaoi dár'bh ainm Úna Ní Concatha agus bhí siad go h-an-saidhbhir agus bhí feilm mhór aca.
    Bhí go leór bó aca, agus mar sin bhí go leór bainne agus ime aca. Lá amháin bhí Mícheal ag dul go dtí an baile mór agus fuair sé a stoca féin caillte ar an mbóthar agus bhí ionganadh mór air. Chuir sé é sios in-a phóca agus nuair a shroich sé abhaile, d'innis sé an scéal agus dubhairt a bhean leis an stocaí a chaitheamh suas ins an loca agus chaith sé ann é.
    An lá in-a dhiaidh sin, bhí Micheál istigh agus dubhairt an bean leis, an cuinneóg a dhéanamh. Nuair do bhí an chuinneóg glanta aca, chuir an bhean an clúdach air agus nuair a bhí siad ag dul ag déanamh na cuinneóige, ní raibh siad indon é a dhéanamh, agus nuair a thóg sí an clúdach as an gcuinneógh, bhí an cuinneóg lán d'im. Bhí siad ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Conduíbh
    Gender
    Female
    Address
    Bushtown, Co. Galway
    Informant
    Lúcás Ó Conduibh
    Gender
    Male
    Address
    Bushtown, Co. Galway