School: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Séadhacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Page 189
  3. XML “Cormac Dall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Cormac Dall ina chomnuidhe in áit a dtugadaís Tuílsc air. Bhí sé dall agus é ag dul thart le maide agus madadh beag.
    Bhí sagart paráisde in áit a dtugadais Gl'n-isgc air agus bhí sé an-mhór le Cormac. Thagadh Cormac ar cuaird ar an sagart go minic agus d'fhághadh an sagart an-spóirt ar a chuid cainnte.
    D'imthigh an sagart ar a laetheannta saoire go dtí an Fhrainnc nó áit eicínt mar sin, agus tháinic sé abhaile faoi Shamhain.
    Ba ghnáthach le buachaillí a bhaile a dhul faoi Oidhche Shamhna agus gabáisde a ghoid agus é a chaitheamh in áit nach mbíodh mórán gabáisde - ag bean no ag fear bocht ar bith.
    Nuair a chualaidh an sagart faoi ghoid an ghabáisde rinne sé seanmóir ag cur mhilleáin ar na daoine a ghoid é. Dubhairt sé to mba mhór an peacadh a bheith ag goid is a' fuadach an rud a chuir na daoine le h'aghaidh a n-úsáid féin.
    Nuair a chualaidh Cormac go dtáinic an sagart abhaile, cuaidh sé ar cuaird air mar bhíodh an sagart go maith dhó agus is minic a thugadh sé síneadh láimhe mhaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghán Ó Máinín
    Gender
    Male
    Address
    Lisheennaheltia, Co. Galway