School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 067
  3. XML “An Chuinneog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhíodh cuinnéog aca fadó agus do bhíodh rudí eile ar a tugtar 'pallaí' nu 'Nogans'. Do bhíodh go léoir pisréoga gá n-imirt aca i dtaobh na cuinneóige. Na cuinneóige a bhíodh aca fadó do bhíodh siad tuairm slát ar fháid ó'n a bhárr go deire agus tuairm slát ar leithid. Tá cuinnéog ag mo comharsan agus tá an deanamh ceadhna air. Tá sé tuairm dachad nú os cionn sin bliadhna acht níl aon maith an anois agus tá sé beag nach imthighthe ó'n a chéile anois. Do bhíodh márcanna acha fadó ar na gcuinneóigibh freisin. Do bhíodh piosa beag gearrtha de bharr na cuinneóige agus cuir siad áit speisálta do'n clár ar agaidh an marc seo agus an duine a bhíodh ghá deanadh bheadh ar seasadh ar agaidh an márc sin nú ní thágadh aon im as an uachtar go deo. Do bhíodh go leóir pisreóga aca fadó i dtaobh strainséara. Deireadh siad dá dtagadh strainséar go dtí an teach agus iad ag deanamh maistreadh agus a dul amach arís gan píosa do'n maistreadh a deanadh go ngoideadh sé an t-im amac leis agus dubhairt siad freisin dá imthigheócadh duine do muinntír an tíghe amach agus rud ar bith a thábhairt leis ón teach nach dtágadh aon im go deo as an mbainne. Cun sin a stopadh do cuir siad dhá píosa iarainn déanta ar nos spúinóige ar bharr an cúinneóig ar nos crois. Do chuireadh siad smachaid dóighte faoí an gcuinneóig freisin cun na h-ime a choiméad san cuinneóig mar bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Choidhin
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Choidin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Meelick, Co. Galway