School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dá bhfeicfeá ceo ag eirighe as an mbóthair dubhairt siad go mba sin comhartha droch aimsire agus dubhairt siad go mbíonn sidheóga san ceo sin freisin.
Dá bhfeichfeá súdh ag tuitim anuas an simléir sin comhartha báistighe.
Dá bhfeichfheá deatach an simléir ag dul suas direach go dtí an spéir sin comhartha aisméar breagh.
Dá bhfeicfeá an eac in a luighe in aice na teine sin comhartha báistighe.
Dá bhfeicfeá an grian ag dul síos faoí sgamaill san trathnóna sin comhartha báistighe.
Dá bhfeicfeá na sgamaill ag dul tar timcheall na spéire go tapa sin comhartha báistighe.
Dá bhfeicfeá na h-éin ag éiteal go h-iseal sin comhartha báistighe acht má bhíonn siad ag éiteal go h-árd sin comhartha aimsear breagh.
Dá bhfeicfeá dath córca san teine sin comhartha báistíghe.
Dá bhfeichfheá bóth feathranna san spéir trathnóna Dia Sathairn sn comhartha go mbeidh an seachtmhain indhiaidh sin ag cur fearthanna go trom.
Dá bhfeichfeá an spidéoigin ag teacht go dtí an doras lá Geimhridh sin comhartha go mbeadh sneachta again.
Dá bhfeichfheá sgcamall ar agaidh na gealaighe sin comhartha(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Choidhin
- Gender
- Female
- Informant
- Padhraich Ó Choidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Meelick, Co. Galway