School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean fear agus a bhean an uair amhain agus ní raibh aon slighe bheatha aca cor ar bith agus ní raibh acht aon bó amhain aca. Ní raibh tada le niththe acha an lá seo agus do marbh siad an bó seo. An lá indhiadh sin d'imtigh an fear ag obair agus do thug an bhean an bó amach san gáirdín cabáiste agus do chuir sí piosade'n bhó ar bharr gach cor cabáiste agus d'ithth madrí na h-áite é. Nuair tháinig an fear abhaile bhí fearg mór air agus dibhairt se go caithfidh siad an bóthair a thábhairt orra féin. Do bháiligh an bean gach rud a bhí aice agus do dhúin siad an doras agus cuiradar an glas air agus d'imthigh leo. Do suibhaldar gan stád ar feadh dhá lá agus dhá oidhche agus annsin tháinig siad go dtí coill mór agus imeasc na crainn connaic siad solus mór. Do cuadar go dtí an áit ina raibh an solas le feiceal agus do bhailighdar clocha móra agus do cuadar suas ar crann áird agus nuair d'fheach siad sios ar an solas connaic siad na sidheógha agus iad ag comhraireamh óir agus d'imthigh na sidheogha comh tapa is d'feadh siad. Tháinig an bhéirt aca anuas ón gcrann agus fuaireadar airgead na sidhéoga agus níor fhacadar lá de ní-ádh ó'n lá sin go lá a báis na a muinntear indhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Coidhin
    Gender
    Female
    Informant
    Padhraich Ó Choidhin
    Gender
    Male
    Age
    60