School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Page 045
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear óg ann fado taobh thiar do Dhun Mór. An t-ainm a bhí air Pádhraig Ó Cothán. Bhí sé mór le bean óg. Cailleadh í agus cuireadh í. D'imthig an fear óg ag an teach a mhair sí oidhche ag deanamh brón in a diaidh. D'fhan sé tamall ann ag cainnt le driothfúir an bhean a bhí cuireadh. D'eirigh sé agus d'imthigh sé treasna feilim clúnach. Bhí sé in a aistear gearr a bhaile. Ní raibh sé i bhfad imthighthe gur tháinig sé ag teach a d'fheach mar a theach féin. An farsún a bhí aige ariamh a dhul ag stabhla an capall ag eisteacht an raibh sí ag ithe agus d'imthigh sé an túrn seo ag eisteacht agus bhí sí ag ithe suibhal sé isteach an t-sraid agus casadh fear dhó agus chuala sé damhsa istigh. Dubháirt sé leis an bhfear siltheá go bhúil damhsa mór agaibh istigh anocht. Nuair a rachadh tú isteach seachan go dtógfadh tú aon rud a thairisgint dhuit. D'imthigh sé isteach agus bhí go leóir daoine istigh agus ní athnuigh sé iad acht mo lean níorbh é a theach fein a bhí ann. Ní raibh sé i bhfad istigh go dtáinig an bhean a bhí sé mór leis a bhí cuireadh tháinig sí suas on seomhra agus tháinig sí in aice leis. D'athnuigh sé an fainne a bhí sí ag caitheamh nuair a bhí sí beo. Bhí sí ghá caitheamh anois. Silim go n-athnuigh mé thú adeir sí. Bá cheart go n-athnuigh tú mé adeir sé. D'imthig sí sios ins an seomra agus tháinig sí suas le gloine fían. Ól é seo dubháirt(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Chiaráin
- Gender
- Female
- Informant
- Walter Ó Fhionnágain
- Gender
- Male
- Age
- 36