School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Cormac Dall ina comnaidhe in áit a dtugadáis tuilse air. Bhí sé dall agus é ag dul thart le maide agus madadh beag.
Bhí sagart paráisde in áit a dtugadáis gl'n-isge air agus bhí sé an-mór lé Cormac. Thagadh Cormac ar cuaird ar an Sagart go minic agus d'fágadh an Sagart an-spóirt ar a chuid cainnte. D'imtigh an sagary ar an laetheannta saoire go dtí an Fhrainnc nó áit éicint mar sin, agus tháinic sé abhaile faoi Samhain.Da ghnáthach le buachaillí an bhaile a dhul faoi Oidhche Shamhna agus gabáisde a ghoid agus é a chaitheamh in áit nach mbíodh mhorán gabáisde - ag bean nó ag fear bocht ar bith.Nuair a cualaidh (Cormac) an ságart faoi ghoid an ghabáisde rinne sé seanmóir ag cur milleáin ar na daoine a ghoid é. Dubhairt sé go mbad mhór an peacadh a bheith ag goid is a fuadach an ruda chuir na daoine le hagaidh a n-úsáid féin.Nuair a cualaidh Cormac go dtáinic an sagart abhaile cuaidh sé ar cuaird air mar bhíodh an sagart go maith dhó agus is minic a thugadh sé sineadh láimhe mhaith dhó.Bhuail sé doras tighe an tSagairt agus tháinig an sagart amach "Ara a Chormaic" ars an sagart amach, go Cé caoi bhfuil tú. Ó do céad míle ailte abhahile Athair Pádhraig(continues on next page)- Collector
- Mairéad Nic Bháird
- Gender
- Female