School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 038
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí teach bánuighthe i bparáiste Dún Mhóir. Sul dá bánuigheadh é bhí bean agus beirt mhac ann. Bhí ceann de'n chlann mac in a leath amadán agus bhí an tóir aige a bheith ag dul ar cuairt agus ba síolta ag imirt cartaí. Téigeadh sé i gchomhnuidhe suas go Coill a Chacladh agus ní thiocfadh sé abhaile go mbeadh sé an mhall san oidhche agus bhí a máthair agus a dearbhráthair eile ag tabhairt milleáin dó faoi bheith amuigh chomh mall san oidhce acht ní raibh aon áird aige orra. Chuimhnigh siad ar rud go gcuireadh siad faitchíos air. Chuaidh a dearbhrath an oidhche seo ag tabhairt leis braithlín bháin bhí sé a dó a chlog sul a tháinigh an t-amadán abhaile. Bhí a mháthair roimhe agus d'iarr sí dó céard a connaic sé. Dubhairt sé go bhfaca sé fear mór ag ritheadh in a dhiaidh fear beag. Níor innis sí do ar a bhfaid sin go raibh an dearbhráthar eile imthighthe amach ag cur faitchíos air. Faoi cheann sgathamh d'iarr sé ón a mháthair cá raibh an dearbháthar eile ní an raibh sé imthighte a chodhladh. D'innis sí dhó an fininne go raibh sé imthighthe amach ag cur faitchíos air. Dubhairt sé leithe gur raibh fairchíos air go ndearna sé rud nach raibh ceart. D'fhán siad in a suidhe ag fanamhairt leis agus ní raibh sé ag teacht. Nuair a tháinig an lá chuaidhear amach dhá thóruigheacht agus chuaidh siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish