School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teachers:
Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Cruain (C)
  2. XML Page 373
  3. XML “Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhéantaoí an ceann seo fadó.
    San gcaoí seo seadh a réidhtígtear na fataí chun iad a chur. Ar dtús gearrann bean an tighe na fataí le sgían
    Fágann sí súil in gach sgiollán agus cuireann sí aolach ortha. Annsin fágann sí mar sin iadh go ceann cúpla lá.
    Bíonn fear cómhar ag gach feilméar beag dé bhrígh nach bfuil acht capall amhain aighe féin.
    San am fadó ní raibh aolach acu, mar ní raibh eallach acu. Mar aolach bhaineadh siad fóid as an dtalam agus dhoigheadh siad i go mbhíodh sé i luachair. Annsin scáradh siad amach ar an dtalam e mar aolach, agus tugad siad "fóidín" ar an aolach. Nuair a chuireadh siad na fataí fadó deireadh siad "cuir mé mo crompáins".
    Nuair a bhíonns na fataí curtha fágann siád mar sin iad go bfasann siad. Taréis tamaill briseann na baslóga aníos trídh an gcré. Fasann siad go mall agus tagann duilleóga ar na gais. Mara bhíonn an aimsear tirm tiocfaidh an duibheachán ar na fataí. Nígh-
    tear na gais le clochgorm leaghta chun ias a chosaint 'ón ghalar sin.
    I lár an Fhóghmhair baineann m'athair na fataí. Ar dtús téigheann sé go dtí an gort agus beireann sé rann nó píce féar leis. Seasann sé ar an iomaire agus cuireann se an rann ar chúl an gais. Caiteann sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Ní Gríobhtha
    Gender
    Female
    Address
    Bracklagh, Co. Galway