School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ag an tóramh bhíodh am breágh ag na daoine óga agus na sean daoine ar a dsuaimhneas ag féacaint orra. D'imrigheadh siad cluithí mar "cleas an stóilín" "Na seachtmhar gCeardaidhe" An Breitheamh Macánta agus mí-macánta, agus Teaghlach. De gnáth bhíodh buacall cutmhal ann agus de neart spórt d'iarradh cailín croidheamhail air í a phógadh. Béadh air í a phógadh ar an bpoinnte. Dheireadh an cailín nár phóg sé í í naon chor cé gur phóg sé í. Bhíodh fear ann ín a cheannphort ar an sluagh. Bhíodh críos leathar aige agus bhéadh sé ag rádh don bhuacall gombéadh air an chailín a phógadh. Is ann a bhíodh an greann gan amhras. -: an bhuachall cutmhail ag rádh gur phóg sé í agus an cailún ag rádh na'r póg sé í naon chor. Dhéineadh sé a dithcheall í a póg d'a aimdheóin agus bhéadh an rud sin ar siubhal tamall maith go leigfeadh an cailín dó i a phógadh sa deire. Sin "Cleas a'Stóilín"
Na Seachtmhar gCeardaidhe. Tóghtaoí seachtmhar bhfear agus tugtaoí ceard fá leith do gach duine agus iad i na seasamh í líne í lár an turláir. Bhíodh ar gach duine aca a ceard féin a theasbáint ceann í gceann. Cur í gcás dá mbéadh duine aca i na marcaigh, bhíodh air buachaill a iompú ar a dhruim agus rith leis thar timceall na gceardaidhe eile. Déineadh gach duine iarracht é a cosgadh ach bhíodh air rith í na -nagaidhthe. Bhéadh ar na gCeardaidhe a dálta de rud a dhéanamh lé na gceard(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Nualláin
- Gender
- Female
- Address
- Kilcooley, Co. Galway