School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Pisreoga agus Nósanna faoi Shochraid agus Tórramh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 360

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

San am fadó níor maith lé na daoine bás a fhágail ar leabaidh clú. Bhíodh ar na daoine sa teach iad a chur ar tuighe go mbéidhidís caillte. Theigheadh triúr fear bá giorra gaol don líon tighe leis an ngléas thóraimh a ceannacht. B'sin tae agus siucra agus aráin seachas fíon do na mná agus leanna do na fir. Nuair a bhíodh sí marbh ar feadh ceithre uaire ar a laghadh nígheadh triúr ban e agus chuiridís fé clár é ar bord fada a bhíodh ann do'n obair sin amháin. Chuiridís an bord sin taobh thoir san gcistin. Nuair a níghtí an corp dhoirtí amach an t-uisge í nait nach shiubhailfeadh aoinne air.
Nuair a bhíodh an duine marbh fé clár dheirtí an phaidrín agus chaitheadh gach bean nó cailín cúig nóimeat ag gol ós árd.
Le linn an tóraimh bíodh solus fé leith san teach. Dhéintí crois ar nós cos na luone acht é a bheith níos mó. Chuirtí poll i ngach ceann dhe agus coinneal í ngach poll agus iad ar lasadh. Chrochtaóí as fráthac é í lár na chistineach. Tugtaoí "crann soilseach" air bhíodh trí coinnle roisíní agus iad ar lasadh í naice an chuirp.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Nualláin
Gender
female
Address
Kilcooley, Co. Galway
Language
Irish