School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Cill Cruain (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 358

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

buachaillí teigheann siad amach ó theach go teach ar lorg airgid lá cuarthuigtheachta é do na daoine fásta. Caitheann siad an lá sin már Lá Saoire na h-Eaglaise.
Bíonn feásta ag na daoine freisin ar oidhche Cinn Bliadhna. Bíonn coinneal lásta ar gach fuinneóg san teach Lá cinn Bliadhna bíonn feásta aca már a bhíonns Lá Nodhlag. Tá a lán pisreóg faoí Lá Cinn Bliadhna. Má tá tú ag gol ar an lá sin, deirtear go mbeidh tú ag gol gach lá ar fead na bliadhna. Más bhean an chéad duine a thganns isteach sa teach an lá sin beidh mí ádh ar an teach sin. Ar oidhche Lá Cinn Bliadhna fánann na daoine in a shuidhe cois na teineadh chun fáilte a thabhairt dhón bliadhain nuadh.
Oidhche Nodhlag bhige lásann na páiste coinnle déanta de luachair. Ar dtus gheibheann na páistí dá tráithnín déag luachra. Cuireann siad ós cionn na teineadh chun iad dhéanamh láidir agus báineann siad an croiceann díobh. Fagtar í ngéir iad go ceann cupla uaire. Annsin gheibheann bean an tighe aoileach agus meascann sí luaithreach tríd.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní hEigceartaigh
Gender
female
Address
Kilsallagh, Co. Galway
Language
Irish