School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Cill Cruain (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seo í an caoí a n-imrimid "sicín". Bailigheann a lán cailín le chéile. Bíonn ceann aca in-a búistéar, ceann in-a mhathair, agus na cinn eile in-a-sicíní. Beireann sicín amhain greimar bhibín an mhathar agus beireann sicín eile ar bhibín an chéad sicín agus mar sin de go mbíonn siad í líne mór. Déineann an búistéar iarracht an sicín deireadh a mharbhú agus déineann an mathair iarracht í a shabhailt.
Nuair a bhíonns na sicíní go léir marbuighthe meadhan an búistéar agus an mathair iad agus an sicín a bhíonns deas beirbhigeann siad é agus itheann siad é.

Nuair a bhíos óg bhí "dathanna" mo phríomh cluiche. Nhíoadh suas le naonbhar cailín ann, duine aca í na máthair duine eile í na aingeal agus dune eile in na deabhal. Bíoadh na cailíní eile in a bpáistí, agus bhíodh dath dá leith mar ainm ar gach duine. Thagadh an t-aingeal agus bheireadh sé greim ar gruiag an mháthar. Dheireadh sise "cé tá annsin?" "An t-aingeal leis an gruaig órdha" "Céard tá uait?" "Dath" "Cén dath?" "Gorm" Dá mbéadh gorm

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Nualláin
Gender
female
Language
Irish