School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Cill Cruain (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ar dtús gheibheadh siad noighín agus leath líonadh siad é le h-uisge fhuar. Chuireadh siad lán a nglaice mine choirce isteach ann agus cúpla spunóige siucra. Mheascadh siad iad tré na chéile le spunóg agus d'itheadh agus d'óladh siad é gan bhruith.

Language
Irish

Ar dtús gheibheadh siad baisín agus chuireadh siad cúpla dorn de min choirce agus cúpla dorn de phlaosg isteach ann. Líonadh siad é le h-uisge leath fhuar. Mheascadh siad iad tré na chéile le spunóg agus d'fagadh siad mar sin é ar feadh trí lá ar a laigheadh. Nuair a bhíodh sé géar d'itheadh siadh an lacht mar bainne. Bheirbhigheadh an damnad stailceach mar leite mine.

San am fadó nuair déirtí bocstaí sioltuigtí na prataí scríobta le píosa eadhaigh isteach i mbhaisín. Annsin d'fágtaoí

(continues on next page)