School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Cill Cruain (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Baineadh siad an craiceann díobh. Thomadh siad ias san slige agus annsin crocadh iad os cionn na teine chun iad a triomiú. Nuair a bhíosh siad tirm thomadh siad arís iad agus crocad arís ias os cionn na teine agus nuair a chíodh siad tirm agus cruaid lasadh siad ceann aca nuair a thagadh duine isteach agus nuair a bhíodh an duine istigh mhúcadh siad é chun tiogbhus a dhéinann air.

Bhíodh cuma an bocht ar na tighthe fhadó már ní bhíodh aca act dóibh móirteál agus cleatha le na tighthe a dhéineamh. Tighthe díona tuighthe a bhí san gcuid is mó díobh agus díon luacra a bhíodh ar an gcuid eile díobh. Na bálla a bhíodh insna sean tighthe bhíodh siad déanta as dóab agus cíb measuighthe le chéile agus bhíodh an lochta déanta as maidé sallaighe sníomhta le chéile agus faoi na maidí seo bhíodh frathacha beaga. Ní bhíodh aon fhuinnéog insna tighthe fadó acht bhíodh cúpla poll san mbálla í bfuirim fuinneóg agus nuair bhíodh siad ag dul in a gcodhladh nó nuair bhíodh an lá an fuar cuaireadh siad sgraitheanna móra ionnta.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní hEighceartha
Gender
female
Address
Kilsallagh, Co. Galway
Language
Irish