School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teachers:
Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Cruain (C)
  2. XML Page 281
  3. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an dóibh taobh amuigh annsin. Bhíodh an teine í lár an tighe isan balla a bhíodh idir an seomra agus an gcistín. San gcistín bhíodh leaba amhain. Bhíodh spás déanta aca san mballa san gcuinne agus chuirtí an leaba isteach san spás sin. Tugtaoí "cailleach" ar an sáil.
    San seomra nach mbíodh seimléar ann gheibhtí pota briste agus chuirtí cúpla sméaróid ann. Chuirtí an sean pota i lár an t-seomra agus cúpla cloch faoí, chun an t-seomra a ghoradh. Theigheadh an deatach amach í bpoll mbeag sa díon.
    Dé gnáth ní bhíodh gloinne insan bhfuinneóig. Na daoine nach raibh gloinne acu bhíodh píosa admaidh no slinne sgoile saitthe sa bpoll acu in ionadh gloinne. Bhíodh urlár dóibe sa gcuid is mó dhíobh. Móin agus giúis a bhíodh sa teine acu. Ní raibh mórán adhmadh acu mar ní chuirtí coilleanna go dtí an blíadhain 1870. Le h-agaidh soluis bhíodh brobhanna, sgolba na giúise. Gnítí iad go léir sa mbaile.
    Seo í an caoí a dhéanad na daoine na brobanna fadó. Ar dtús gheibheadh siadh slige - tá an slige ar nós báid agus trí cosa duithí. Chuirfeadh siad an slige seo ar lic an teallaig agus smearoisí fuithí. Chuireadh siad geir insan slige agus leagadh siad í.
    Ina dhiaidh sin gheibheadh siad luachair reamhar agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Gríobhtha
    Gender
    Female
    Address
    Bracklagh, Co. Galway