School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Cill Cruain (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

San Samhradh bá bheag sgoláire a thagadh ar sgoil, acht san nGéimhreadh thaghadh dáfhichead duine - cuid aca suas le 18 go 20 bliadhna d'aois. Ní bhfuigheadh siad laethe saoire i naon chor agus dfanacdh siad sa mbaile gan cead, mar san am sin ní raibh foiréigean ar na daoine a bpáistibh a chur ar an sgoil. Dfanadh siad sa mbaile nuair a bhiodh siad ar easbaidh lé linn an Earraigh agus san Samhradh agus san bhFóghmhar nuair a bhíodh a lán oibre lé déanamh. Bhaintí usáid as dhá leabhar - leabhar lithridheachta agus leabhar leightheóireacht.

Dubhairt céile Mic Uí Chiunn go ndeachaidh sí do'n sgoil mhóta cúpla lá a bhí i nGort Mór agus Risteárd Ó Chorra an t-ainm a bhí ar an mhuinteóir
Bhí teach aige ar nós tighe "Patch" agus bhí na riaghlacha ceadhna ag Risteárd a's a bhí ag Patch.

Chonnaic m'athair féin an sgoil móta i nGort Mor
Ní cuimhnigheann leis leabhar ar bith a bhíodh aca act Reading Made Easy - "Read a Ma Daisy" ghlaoidhtí air. Bhíodh na ba sa seomra céadna leo - ie sa gcistín. Tá m'athair 75 bliadhain anois.

Collector
Brigid Uí Náradaigh
Gender
female
Occupation
múinteoir
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
75
Language
Irish