School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 277
- XML “Scoil Mhóta”
- XML “Scoil Mhóta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)San Samhradh bá bheag sgoláire a thagadh ar sgoil, acht san nGéimhreadh thaghadh dáfhichead duine - cuid aca suas le 18 go 20 bliadhna d'aois. Ní bhfuigheadh siad laethe saoire i naon chor agus dfanacdh siad sa mbaile gan cead, mar san am sin ní raibh foiréigean ar na daoine a bpáistibh a chur ar an sgoil. Dfanadh siad sa mbaile nuair a bhiodh siad ar easbaidh lé linn an Earraigh agus san Samhradh agus san bhFóghmhar nuair a bhíodh a lán oibre lé déanamh. Bhaintí usáid as dhá leabhar - leabhar lithridheachta agus leabhar leightheóireacht.Dubhairt céile Mic Uí Chiunn go ndeachaidh sí do'n sgoil mhóta cúpla lá a bhí i nGort Mór agus Risteárd Ó Chorra an t-ainm a bhí ar an mhuinteóir Bhí teach aige ar nós tighe "Patch" agus bhí na riaghlacha ceadhna ag Risteárd a's a bhí ag Patch.
- Chonnaic m'athair féin an sgoil móta i nGort Mor
Ní cuimhnigheann leis leabhar ar bith a bhíodh aca act Reading Made Easy - "Read a Ma Daisy" ghlaoidhtí air. Bhíodh na ba sa seomra céadna leo - ie sa gcistín. Tá m'athair 75 bliadhain anois.- Collector
- Brigid Uí Náradaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir