School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 276
- XML “Scoil Mhóta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ainmnuighthe agam.Ní mhúinteór a bhí ann acht bhí leigheann an sgoil Náisiúnta aige. Bhí a theach féin aige agus leath ácra talmhan leis, agus bá í n-a theach féin a mhúineadh sé na daoine. Bhí sé pósta lé mnaoí a bhí i n-ann sníomh agus sníomhadh sí éadaigh lé h-aghaidh na gcomharsan gó léir. B'shin é an slighe beatha a bhí aici agus bhíodh a céile ag múineadh. San gcistín 'seadh a mhúineadh 'Patch' na daoine. Bhí suidheachán aige thart timceall na cistineach greamuighthe do na ballaibh. Ní raibh suidheachán ar bith le sgríobhadh ortha acht theigheadh siad ar a nglúin agus sgríobhadh siad ar a slinntí lé cloich aoil agus bhíodh glantóir i na láimh aige ag gach duine le rud mí cheart a ghlanadh amach.Bhíodh ceithre adhbair lé foghluim acú -: Sgríbhneóireacht, Gramadach, Leightheóireacht agus Lithridheacht Béarla. Níor mhúineadh Gaedhilge ar chor ar bith mar ní raibh an teanga Gaedhilge ag an mhúinteór sin. Shuidheadh na sgoláirí i gcomnaidhe an fhaid is bhíodh siad ag foghluim.Gach maidin Luain bíodh se ar gach naoidhneáin pinginn a thabhairt don Máighistir agus bhíodh sé ar na cinn eile pinghinn go leith a íoc. Muna mbíodh an luach dheireadh sé leo "Teilgeochad tú amach an doras."(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Ríain
- Gender
- Female
- Address
- Turlough, Co. Galway
- Informant
- Aindréas Ó Cuinn
- Gender
- Male
- Age
- 77