School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teacher:
Brighid Ní Náradaigh, Cáit Bean Uí Standúin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
Bia san Am Fadó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ditheadh na daoine fadó trí bhéile: - an bricfeasta, an dinnéar agus an siupéar. Bhíodh an bricfeasta acú timcheall a naoí a clog, an dinnéar ar h-aon a clog agus an suipéar timcheall a naoí a clog. Déirigheadh siad ar a seacht a clog gach mhaidin. Bhíodh siad ag obair cúpla úaire roimh a mbhicfeasta agus bhíodh goile maith acú.

Ag an mbricfeasta d'itheadh siad leite mine nó leite mine Indian. Bhíodh prátaí acú nuair nach mbíodh leite mine. Bhíodh scoith acú in ionad bainne. Bhí se sin déanta as min coirce agus phlaosc an choice agus uisge fiucta. Mheascadh siad iad tré na cheile le spúnóig agus dfhágadh siad mar sin é ar feadh trí lá ar a laighead. Núair a bhíodh sé géar d'óladh siad an lacht mar bainne. Bheirbigheadh siad an damhnadh stailceach mar leite mine. Déanadh siad an leite le h-uisge fiuchta, min

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Caomhánaigh
Gender
female
Address
Kilsallagh, Co. Galway
Language
Irish