School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 281
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad seo ainmneacha ainmhidhte na feilme, bó, capall, asal, caora, gabhar agus gamhain. Ní cuirtear aon ainmhidhthe aca seo isteach sa Samhraidh; acht cuireann chuile dhuine a bhfuil stábla aige isteach iad sa nGeimhreadh. Tugann na daoine deoch min-coirce dí. Ní tugtar aon uisce dí go dtí an lá ina dhiadh sin. Craithtear min-choirce ar an laogh nuair a beirtear é, agus baineann an bhó de é le na teangainn. Freisin fuiltear ar an laogh mar tá sé ráidhte mara bhfuilfidhe air i dtosach tairneóchaidh easóg a chuid fola. 'Sé an chaoi a bhfuiltear air sgor sceine a chur ina chluais, agus fuil a leigint. Sé an chaoi a nglaodhtar ar na gamhnaibh "Suc! Suc!" ar an gcapall agus ar an asal "Pró! Pró!". Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na caoirighíbh "Shabha! Shabha!" ar na gabhraibh "Beta!Beta!"
    'siad seo éanlaith na feilme: an chearc, an lacha, agus an ghé. 'Sé an chaoi a nglaoifhtear at na cearcaibh "Tioc! Tioc!" 'Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na lachanaibh "Feed! Feed!" ar na géadnaibh "Beadaigh! Beadaigh!"
    Sé an chaoi a gcuirtear ál circe síos bosca agus tuighe ann ar dtús, agus caonach ar a bharr. Annsin cuirtear uibheacha ó's cionn an chaoinaigh agus an chearc ó's a chionn sin. Fágtar mar sin go dtí lá ar na bháireach í, leightear as an nead ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Mór Ní Fhátharta
    Gender
    Female
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway