School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Fearainn an Choirce | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá na luibheanna seo a leanas go dona ag an talamh, mar bochtuigheann siad an talamh, plúchann siad na barraí, agus na torthaí agus súghann siad go leor de'n leasughadh. Seo iad iad: an chupóg ruadh, bruimhéir, an crúb préacháin, garbhógaí, nó bláth buidhe. Tá an flich go dona freisin ag na barraibh. San áit seo deirtear gur ar talamh maith a fhásanns an feochadán, agus an luibh ar a dtugtar salachar sráide ar talamh bocht. Tá luibh ann ar a dtugtar meacan leoin, agus glantar an phréamh, agus bruightear é, agus tá sé go maith le cur le cnámh a bheadh as áit. Fásann bláth bán air. Bruightear an Choinneal Mhuire ar bhainne, agus tá sé go maith le h-aghaidh casachta. Dá ngearrfadh duine aon chuid

(continues on next page)
Collector
Bríghid Ní Chongaile
Gender
male
Address
Oghil, Co. Galway
Informant
Seán Ó Chongaile
Gender
male
Address
Oghil, Co. Galway
Language
Irish