School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 245
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Tobar an Spiorad Naoimh in Eonacht ináit ar a dtugtar na Seacht Teampuill. Tá tobar Cheathrar Áluinn i gCobhruabhach. Fadó bhí brionglóid ag bean i gcion Maicne Mara dhá dtagadh sí go dtí an tobar sin go leigheasfaidhe a mac a bhí dall. Tháinig sí isteach go h-Oileáin Árainn. Chuir sí tuairisc cá raibh an tobar agus is tuisce a fuair a mach amach é na an máthair. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar don tobar tháinig amharc ina súilíbh. Bhí bród agus ríméad ar chroidhe an mháthar mar gheall air gur thuit an bhrionglóid amach fíor. Tá tobar i gCill Éinde ar a dtugtar Tobar Chuilm Chille. Tá an tobar sin ann i gcuimhne an am a bhí Colm Cille in Árainn. Fadó thug bean uisce ar an tobar sin. Chuir sí ag bruith fataí é, Ní raibh a fhios aige an raibh aon díoghbhail é a chur mar sin, agus níor bhruith na fataí. Tá tobar eile igCill Éinde ar a dtugtar Tobar na Mná. Níl aon uisce ann anois, mar do chaith produstúnach smugarlaigh ann le droch mheas a'spáint do'n tobar, agus níor tháinig aon uisce ann ó'n am sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mór Ní Fhátharta
    Gender
    Female
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway
    Informant
    Séan Ó Fátharta
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway