School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 243
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Tá tobar i gCill Éinne ar a d-tugtar Dabhach Éinne. Níl aon uisce ann anois, mar tá sé ráidhte gur nigh bean gan aon Chreideamh a cosa ann.Tá tobar eile i gCill Éinne ar a d-tugtar Tobar Chuilm Chille. Tá an naomhadh lá de Mheitheamh ceapaighthe amach le turas a thabhairt ar an tobar. Ní féidir aon turas a thiubhairt timcheall ar an tobar, mar sé an chaoi atá an t-uisce ag teacht as aill mhóir áird, acht tá altóir socruighthe tuairm le dhá chéad slat thiar de'n tobar, agus annsin tugtar an turas. Téigheann na daoine ar a n-glúiníbh ó's comhair na h-altóra, agus deireann siad páidreacha. Baineann siad a m-bróga dhíobh, agus téigheann siad timcheall seacht n-uaire agus iad ag rádh an Phaidrín pháirtigh. Tá eibheann agus blátha fiadhana ag fás o's cionn an tobair.Bhí tobar eile i-m-baile Chillrónáin fadó ar a d-tugtar Tobar Naoimh Rónáin. Níl aon tuairisg air anois, mar thuit clocha, agus fód síos ann,(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Chongaile
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Conghaile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. Galway