School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Mo Cheantar Féin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is é an t-ainm ata ar an mbaile a bhfuil mé mo chomhnuidhe Fearann an Choirce. Insan tsean aimsir bhí seacht dtíghthe fichead ann, acht anois níl ann acht teach is fiche. Insan tsean aimsir ní raibh slinn ar aon teach acht aon teach amháin. Slinn atá ar chuile teach i bhFearann anois beagnach; acht tá tuairim is ocht dteach tuighe ann. Siad na sloinnte is coitchianya a dioráin. Baisteadh Fearann an Choirce air mar ba talamh maith é le coirce. Ta ochtmhar daoine i bhFearann an choirce atá ó's cionn seachtmhoghadh bliadhan. Tá Gaeghilge ag gach duine aca. Is féidir leo sgéal d'innsint in Gaedhilge. Tá bean ar a dtugtar Anna Ní Dhiornáin i bhFearann an choirce i mbaile fearainn Chillmhuirbhigh, agus tá sí indon scéal d'innsint. Tá fear ar a dtugtar Bairtle Ó Fátharta i bhfearann an choirce i mbaile fearainn Cillmhuirbhigh atá indon scéal d'innsint. Tá sé shean-teach ann nach bhfuil aoinne ina gcomhnuidhe ionnta fadó. Insan tsean-aimsir theigheadh gach duine go America mara bhfanadh duine amháin ag an talamh: an duine is óige nó an duine is sine. Déanadh amhrán i mBéarla idtaobh

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Fhlaithbhearta
Gender
female
Address
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Informant
Pádraig Ó Flaithbhearta
Relation
parent
Gender
male
Address
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Language
Irish
Location
Farrnacurka or Oatquarter