School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Bóithre an Cheantair

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Glaodhtar bóthar an Duig ar an m-bóthar go Gort-na Capall mar bhídh uisce ann go minic Tá bóithrín GHORT Míchíl siar ón dug in-Gort. na gCapall , mar ba le fhear darbh ainm Mícheál na guirt a bhí timcheall air fadó . Tá Róidín na Tornóige ar chúl Ghort -na gCapall. Bítí ag dóghadh soil ann san t sean aimsir. Tá Bóthar an Ríogh nó an bóthar láir ag dul tríd lán an oileain .Rinneach é san dnach shaoghal. Bhíodh mná agus sin ag obair ar an mbóthar sin . Dá bhfanfach son duine san mbaile lá amháin bheadh air seachthmain a dhéanamh in a áit. Sin é an pionús achuintí sin. Sé an tainm a bhí ar "Boss" an bhóthair sin Coll agus Máintín ó h Íarnáin freisin . Ba ar Cillmhuirbhigh Máintín agus ba ar Gaillimh Coll . Ní fháigidír son pháigh san am sin . Tá Bóithrín na leice i bhFearann an Choince mar bhí leac ann san tsean aimsir . Bóithrín Cneige na gCárnán i n Gort na gcapall . Boíthrín na Chúl chanain i bhFearann an Choircean Bóithrín Pholl na luinge i bhFearan an choircean sneirin , mar tá an bóithrín ag dul síos go Poll na luinge ag an bhfainnge . Bóithrín craig na glocha miona .Is cuid de'n Bhóthar

(continues on next page)
Collector
Mór Ní Fhátharta
Gender
female
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Informant
Seán Ó Fátharta
Relation
parent
Gender
male
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Language
English