School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 203
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní thosuightear ar aon saghas oibre Dia Satharn ná "lá crosta na bliadhna", sé an lá céadna de'n t-seachtain ar ar cuireadh na Páistí Neamh chionntacha chumh báis. Dia h-Aoine is maith le daoiníbh tosughadh ar gach obair go mór mhór cuireadóireacht, cé nach mbeadh déanta aca acht fad na sráide. Ní maith le daoiníbh airgead a íoc Dia Luain, ná ní thiubharfadh duine beithidheach a bhead díolta céana uaidh an lá sin. Níor mhaith le daoiníbh an ghruaig a bhaint díobh Dia Luain, ná ní maith leo caoirigh a bhearradh an lá sin, acht oiread. Tá sean-fhocal ann a deireas, "Loma luan agus bearradh Céadaoin". Deireann siad an síol a chuirtear Aoine an Chéarta nach loicfidh sé. Deirtear go raibh bó ann fadó agus bhí sí tinn insan Márta. Cheap sí go raibh leí nuair a bhí an Márta caithte; acht d'iarr an Márta trí lá ar an Aibreain, agus cailleadh an bhó ar feadh na trí lá sin, agus sin é an fáth go dtugtar laetheanta na bó riabhaiche ar na trí lá i dtús an Aibreain. Aon rud a bhíonn tinn agus a chuireann na trí lá sin isteach beidh leis, a deirtear.(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway