School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 185
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thosuigh an fear ag dul amach dhá thómhais, acht chas sé isteach dhá uair agus dubhairt an bhean leis coinneál air, acht an darna babtha a chuaidh sé amach thuit sé agus marbhuigheadh é. Tá Olán Craigh na Molc ann freisin, acht a mbíonn siad ag iasacht. Tá leic an Túrlaigh, barr an leath-chartúbhair, An Spoilleán, Carraig Míchíl Seaom Fhuara, Dinne ghlais, leic an tsalainn, Carraig an Cmáil, Poll an Dúin Bhig, An t-ulán leathan, Carraig an Tobach agus an lochán ar thalamh Chillmhuirbhigh. Tá aill igCillmhuirbhigh ar a dtugtar Gleann Dinne an Tairbh, mar thuit bó agus tarbh síos ann agus marbhuigheadh iad, agus tá aill eile ann ar a dtugtar Gleainnnín an Tairbh. Tá aill ann freisin ar an taobh shoir de'n Dún Aonghusa ar a dtugtar Carraig an Phoill. Thuit fear darbh'ainm Colm ó flaithbhearta síos ann agus marbhuigheadh é. Tá aill i nGort na gCapall ar a dtugtar Carraig an Iascaigh; mar bhí fear ag iascach ann trí scóir blidhan ó shoin darbh' ainm Pádrig Mach Ghiolla Phádraig agus thuit sé san bhfarraige agus badhadh é, agus frítheadh é lá'r na bhárach míle go leith soir ón áit ar thuit sé. Tá poll i gCillrónáin ar a dtugtar Poll na Brioscarnach, mar tháinig bairillí brioscaí i deír ann. Tá aill igCilléinde ar dtugtar Aill na nGlasóg, mar bhí leath-chéad daoine ag iascach ann Iá'l Muire, agus tháinig taoidin Bháidhte agus scuab sé chúig dhuine dhéag aca ar siubhal gur bádhadh iad. Tháinig an chuid eile acu saor as. Tá Súnda an Ghríotóir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Collector
    Mícheál Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Tomás Uá Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway