School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 177
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-séipéal in Áraqinn in aimsir na géipleanamhna. Tá áit inÁrainn a dtugtar "Carchair an Phobuil" uirthi, mar gheall ar go raibh séipéal déanta ann in-aimsir na géarleanamhna. Tá an chaircair in i bhFearann an choirce, agus glaodhann daoine an "Chaurcair Mhór" uirthi. Bhí séipéal atá aniar in Eochaill ar an taobh ó thuaidh d'en tséipéal atá anoir ann. Léightí Aifrinn gach Domhnach insan séipéal sin. Tá áit inGort na gCapall a mbíodh sagairt ibhfolach ann a dtugaidís "Aill an tSagairt" air. In aimsear "Seán an tSagairt" nuair a bhí gearleanamhna dhá dhéanamh ar na sagartaibh bhí chúig punt dhó as cluigeann chuile shagairt a marbhuigheadh sé. Deirtí gur gabha a mharbhuigh é san deire. Tháinig sé le capall óg ag an gceadchain aige, mar-bhí an crúdh imthighthe de'n chapall. Chuir an gabha crúdh aran gcapall. Bhí sé ag tabhairt luacha a shaothair do'n ghabhainn. Ní ghlacfadh an gabha é. Chuir sé sgéala ag iarraidh díghe óil do'n ghabhainn. Bhí sé ag iarraidh ar an ngabhainn deoch ól. Rug sé ar an gcrúirisgín go ndólfadh sé deoch. Nuair a fuair an gabha an crúigín crochta ar an bhéal thug sé cúl a láimhe san bpíobán dó, agus sin a cuir deire le Seán an t-sagairt.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Ó Dioráin
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway