School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 170
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slatracha, agus bhaineadh sé an craiceann dhíobh.Bhí aon fhear amháin darbh ainm Colm Ó Conraoi as Fearann an Choirce a dhéanadh crochanna agus geataí, agus ba mhaith uaidh iad a dhéanamh freisin.Bíodh Pádraig de Bhailis as Cillmhuirbigh ag sníomh lín agus do rugha le túirne lín. Bhí sé ag fághail glaodhaigh mhaith ortha mar ba mhaith uaidh iad a dhéanamh.Bhíodh go leór daoine ag iascach san am fadó, acht ní raibh aon daoine chomh maith le Liam agus Maolruadh Mach Donnchadha as Gort-na-gCapall. Tháinig siad oidhe stoirmeach isteach i bPort bhéil an dúin le lán an churraigh de langaibh agus chuir siad iongantas ar mhuintir a bhaile. Bhíodh sé ráidhce nach raibh aon bhean chomh maith le Ánna Ní Chonghaile as Fearann an choirce ag dathughadh. Sé an chaoi a dhathuigheadh sí: bhaineadh sí fraoich agus caonach a bhí ag fás ar chlochaibh eibhir. Bhruitheadh sí san bpota iad agus dhathuigfheadh sí leis an súgh.Bhíodh sean-daoine as Gort na gCapall fadó ag dóghadh aoil taobh ó dheas den bhaile thuas ag róidín na tornóige aoil. Sé an chaoi a dhóghaidís é: Dhéanaidís balla cloch, agus bhuailidís le muirtéal é; D'fhaduigheadh siad teine agus chuiridís clocha beaga os cionn na teineadh ag dóghaidís an t-aol.(continues on next page)
- Collector
- Mór Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Séan Ó Fátharta
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway