School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 167
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. insan tsean aimsir bhítí ag fágáil le bairrlí geire faoi thíp. Bhítí dá leaghadh agus dhá dhóirteadh tríd múnla ag déanamh coinneal dhá n-úsáid féin, agus is ar Gaillimh a gheibhidís an múnla. Bítí ag déanamh ciseóg, ciseán, cliabh, agus cliabhán de shailig san tsean aimsir. Déantaoi mopaí agus ruighistag de thuighe. is é an úsáid atá i mobaíbh le cur faoi leapaidh nó le dóirse leis an ghaoith a choinneál amach. Déantaoi rópaí agus gadracha maoil ó'fhionadhach agus ruainne capall. Bhí dhá ghréasaidhe ann, agus bhíodh siad ag deasughadh bróg. Ba iad na h-ainmneacha a bhí ortha Mícheal ó Maoláin ar baile na Creige agus Baistle Mac Cuaig ar Cillmhuirbhigh. Bhíodh corr-dhuine ag baint sedheanna ar fíaghachaibh; dhá leaghadh ag déanamh solair dóibh i-n-áit lampaí. Bhíodh an ola istigh aca de phíosa de cheirt. Déantaoi tornóga agus dóightí ceilpe san t-sean-aimsir níos anpóitighe ná mar déantar anois é. Nuair a bhíodh slam dóighte de'n tornáig chaithfeadh seisean fear í a shughadh le racaibh iarrainn i-n-éadan chuile sé uair a chluig. Dhá tosuighídís leis an lá chaithidís fhanacht amuigh ar feadh na h-oidhche go dtí tráthnóna lár na bhárnach. Bhíodh suas le sé thona san tornóig sin. Bhíodh gach aon chloch de'n cheilp chomh mór le cúig céad mheadhchanaibh. Ní ionann mar tá sé anois, dáightear i-n-a luaithí. Bítí ag dághadh móna agus cloichi g-cuid de'r na tornágaibh agus ag déanamh doil. Bhí dhá ghabhainn insan áit, agus bhídís ag déanamh ipochanna, lúbhanna, tluaighthe, cruidhthe, ancaipí, crúacaí agus geataí iarainn. Ba iad na h-ainmneacha a bhí ortha, colm con Ríogh ar Fearann an Choirce Éomonn ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbhearta
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway