School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 158
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn scamaill dubh ar an aer nuair a bhíonn báisteach air freisin bíonn dath dearg ar an t-aer tar éis fá do'n ghréin cearcall timcheall na gealaighe nuair atá athrughadh aimsire air . Ní fheactear na réalta in aon chor oidhche bháistighe . Sí an ghaoth aniar ndeas an ghaoth is measa le báistighe . Téidheann na h-éanlaithe ar a dtugtar na cadhain on taobh ó deas go dtí an taobh ó thuaidh de'n spéir le linn na h-aimsire a athrughadh chun báistighe . Thugas fá ndeara go n'iompuigheann an cat a dhruim leis an teinidh go ritheann na caoirigh cois na gclaidhe le fascadh a fhághail, ó'n bháistigh agus stoirm . Bíonn cuilleóga , míoltóga , agus cleabhair chaocha ag imtheacht go fairsing le linn báistighe go mór -mór san samhradh . Deirtear go mbíonn garrdha na n-iascaire lán le bláthaibh bána se sin an fairrge lán de bhráchlanníbh. Tagann dath uaithne ar an ngríosaigh , agus tuiteann an súgha go láidir le linn báistighe agus droch aimsire.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway
    Informant
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway