School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 118
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “Ciste Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann agus bhí sé ag brionglóidígh san oidhthe dhá ngabhadh sé chomh fada le droichead Luimnighe go bhfuigheadh sé a shaibhreas. Chuaidh sé ann, agus bhí sé ag imtheacht thart, agus ní bhfuair sé é an lá sin. Tháinig sé abhaile, agus bhí sé ag brionglóidigh an darna h-oidhthe dhá ngabhadh sé ann arís go bhfuigheadh sé é. Chuaidh sé ann, agus ní bhuair sé é. An tríomhadh h-oidhthe, bhí sé ag brionglóidigh, agus chuaidh sé ann. Bhí sé ag imtheacht thart dhá chuartughadh. Casadh fear leis, agus dubhairt sé, "Feicim ag imtheacht thart annsin thú le trí lá, céard tá tú ag cuartughadh?" "Bhí mé ag brionglóidigh trí oidhthe dhá tiocfainn chomh fada le droichead Luimnighe go bhfuighinn mo shaibhreas." "Go bfhéachaidh Dia ar do chiall, nach raibh mise mé féin ag brionglóidigh go raibh sceach ag binn tíghe Sheáin Bhuidhe an Urainn, agus go raibh pota óir fea." "Tá liom" adeir sé. Chuaidh sé abhaile. Chuaidh sé ag cartadh faoi'n sceich, agus fuair sé pota óir, agus leac ar a béal a raibh scríobhnóireacht uirthi. Tamall i-na dhiaidh sin bhí scolóige bocht ag dul thart. Breathnuigh sé ar an leic a bhí ag an dorus. "Feicthear dhom gur aisteach an scríobhnóireacht atá ar an leic sin" adeir an scoláire. "Céard atá uirthi?" adeir fear an tighe. "Ní fearr taobh de'n sceich ná an taobh eile," adeir sé. Chart sé an taobh eile agus fuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádhraigh Ó Flaithbhearta
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway