School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 099
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    torann ag teacht anuas na staighre. Tháinig sean-fhear mhór le feasóig mhóir fada bán air, agus fear óg freisin. Do shuidh an fear og ar ceann an stól taobh istigh dhe, agus an sean-fhear taobh amuigh dhe. Do thosuigh siad dha bhrughad, agus ní raibh fhios aige ceard a b'fheárr dhó a dheanamh. Faoi dheireadh tháinig fearg air, agus dubhairt sé leobh cóinneal amach uaidh, agus gan é a marbuighadh ar fad. "Ceárd atá uaibh ar seisean? nó ceárd a thug annseo sibh?" "Is tusa an fear atá uainn arsa an sean-fhear. Tá muid tamhall fada ag teacht annseo, agus ní bhfuair muid aon duine a chuirfeadh an cheist sin orainn go dti anocht. Caithead muid a theacht
    chuile oidhche nó go gcuirfidhe an céist sin orainn. "Seo é mo sgéal" arsa an sean-fhear. Bhí mise agus an fear óg seo ag maireachtháil sa gcaisleán seo. Oidhche amhain nuair a bhí muid in-a gcoladh tháinig beirt fhír isteach i lar na h-oidhche.
    Mharbhuigheadhar muid, agus chaitheadhair na gcorp síos i bpoll. Annsin thug siad leób an meid airgid a bhí sa teach acht amhain pota óir a bhí faoi leic an teallaigh, agus ghlan leobh. Ar maidin ní raibh aon duine le n-innseacht ceárd d'éirigh dhúinn. Dubhairt an sean-fhear leis an fear a bhí ar aimsire sa teach "Téirigh ar maidin, agus innis do'n fear a thug obair dhuit mar is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish